Scoil: An Mhainistir, Carrabeg
- Suíomh:
- An Cheathrú Bheag, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An Br. Coinleith Ó Mainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bíonn mná ag dul thart freisin agus íad ag díol biorán agus rudaí beaga eile. Bíonn síad ag iarraidh déirce freisin, seo íad na rudaí a bíos síad ag íarraidh:- té, siúcra, plúr, caiscín, bainne agus uibheachaí.
Bíonn sórt paidir dá rádh ag na mná i gcómhnaidhe, seo é an sórt paidir a bhíos dá rádh aca:-
Ar son Mac Dílis Dé agus a Mhuire-Mháthair agus tabhair pinnse té dom. I n-onóir na marbh tabhair ubh dhum. In onóir Dé tugann na daoine rud éicint dhóibh.
Na fir a bhíos ag dul thart bíonn busca ar a dtuchtar an " budget" aca agus na rudaí istigh ann aca.
Ina dreameanna a bhíos síad ag dul thart, agus ní hí an ceird céadhna a bhíos ag gach dream aca.- Bailitheoir
- Máirtín Ó Scolaighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Coitiantaí, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Seolaighe
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Coitiantaí, Co. na Gaillimhe