Scoil: An Mhainistir, Carrabeg
- Suíomh:
- An Cheathrú Bheag, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An Br. Coinleith Ó Mainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Mhainistir, Carrabeg
- XML Leathanach 0224
- XML “Pósadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- San inid an t-am is mo a phósann daoine. Sé sin ó Eanair go dtí an céad lá de Márta. Dé Lúan agus agus Dé Deardaoin na laetheannta is mo a phósann daoine. Deirtear nach mbeadh aon ádh ortha dá bpósadh síad aon lá eile de'n t-seachtmhain.
Seo é an chaoi a dhéanann síad an cleamhnas. Ar dtús núair a bhíos aonach sa mbaile mór tosuigheann síad ag caint faoi an buachaill agus an cailín seo, agus annsin theigheann síad go dtí an teach agus gheibheann síad lá speicíalta de'n phósadh. Tugann cuid de na daoine airgead agus cuid eile stoc mar spré. Tugann síad de réir an sort duine a bhíos ann.
Fadó núair a phósadh beirt ní rachfadh síad chun aifreann an chéad Dómhnach tar-éis sin ach níl sé mar sin anois. Fadó caiple agus cáranna a bhíodh ag an bpósadh agus daoine lé caiple agus díolaití ag déanamh rásaí leo féin.
Bhí fear i Muc-Ruis fadó agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirtín Ó Scolaighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Coitiantaí, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Scolaighe
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Coitiantaí, Co. na Gaillimhe