Scoil: An Mhainistir, Carrabeg
- Suíomh:
- An Cheathrú Bheag, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An Br. Coinleith Ó Mainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Mhainistir, Carrabeg
- XML Leathanach 0305
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán
“A chomharsannaí an bhaile seo an raibh sibh ag an spraoí?”
A comharsannaí an bhaile seo an raibh sibh ag an spraoí?
Nó an báll-damhsaidh a bhí i dtíghe Bheathanaigh,
beidh cuibhne ar a chaoidh.
Bhí Mairéad Breathnach agus a hata uirrthi
ag imtheacht ar fud an tíghe,
Ag faire ar a bpuimpéirí lé tídeacht ó Baile Átha an Ríogh
Landál sé dá rothar ar leath úar tar-éis a sé ,
Thug sí síar sa bpárlús é go bhfúair sé sinneár té.
Thug sí gloine faoiscigh dhó, is a sháith go maith lé n-ól
Annsin d'íarr Mairéad ag damhsadh é
agus Tadhg Óg ag lasgadh ceóil.
Bhí suidheachán thart le balla a is Tadhg Óg ag lasgadh ceóil
Saoghal fada ag Tomás gCill sé thug abhaile an bhó
Tá strapa mór i dtíghe Feallain air is ní
íocfaidh dé é go deó.- Bailitheoir
- Máirtín Ó Scolaighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Coitiantaí, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séamús Ó Scolaighe
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Coitiantaí, Co. na Gaillimhe