Scoil: An Mhainistir, Carrabeg
- Suíomh:
- An Cheathrú Bheag, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An Br. Coinleith Ó Mainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Núair a bhíonn na fáinleóga ag imtheacht go h-árd sin comhartha ar aimsir mhaith, agus núair a bhíonn síad ag imtheacht go h-íseal sin comhartha báistighe. Núair a bhíonn go leór faoileán bailighthe lé chéile i n-aon gort amháin sin comhartha droch aimsire. Núair a bhíonn a dhruim leis an teinidh ag an gcat sin comhartha báistighe. Núair a bhíonn go leór míoltógaí amuigh sin droch chomhartha agus núair nach mbíonn sin comhartha maith. Núair a bhíonn an capall ag tuiteam ins chodhladh sin comhartha báistighe. Núair a bhíonn an cat ag sgríobadh píosa adhmaid sin comhartha aimsear garbh. Núair a bhíonn mada ag ithe féir sin comhartha báistighe. Núair a bhíonn an gaoth-aduaith ann sin comhartha sneachta. Núair a bhíonn an ghealach go glan sin comhartha ar aimsir mhaith, agus núair a bhíonn fáinne thart timcheall uirrthi sin comhartha báistíghe . Núair a bhíonn an ghrian sort báidhte agus í ag dul faoí sin comhartha báistighe.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máirtín Ó Scolaighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Coitiantaí, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Scolaighe
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Coitiantaí, Co. na Gaillimhe