Scoil: An Mhainistir, Carrabeg

Suíomh:
An Cheathrú Bheag, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An Br. Coinleith Ó Mainnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0025, Leathanach 0206

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0025, Leathanach 0206

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Mhainistir, Carrabeg
  2. XML Leathanach 0206
  3. XML “Cruatan”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó bhí daoine as Eanach-Cúain ag dul go aonach Cnocadulán. Ag dul thar loch Coirib a bhí síad i mbád beag. Bhí caoirí aca sa mbád. Núair a d' imigh siad ar maidin bhí an loch go breagh ciúin. An bád a bhí aca ní raibh sé go maith ach ar chaoi ar bith d'imigh siad. Bhí go maith is ní raibh go h-olc. Bhí ag eirigh leó go geall nó go dtáinigh síad go Béal-trágha. Nuair a shroicheadar an áit sin chuir ceann de na caoirigh a cos amach tríd an bhád agus thosuigh an t-uisce ag teacht isteach. D'íarr duine de na fir a bhí sa mbád a aprún ar duine de na mná chun é a chur sa bpoll agus ní thiubarfadh ceachtar aca dó é. Annsin chuir sé a chasóg ann agus léim sé uirthi agus chuir sé amach tríd an bháid í. Is annsin a thosuigh an trioblóid i gceart. Chuaigh an bád síos agus ní raibh mórán aca i-ndhon snámh.
    Bhí aon fhear déag ann agus ochtar mná. Bhí fear ann darb ainm Séán Ó Coscair agus bhí sé i-ndon snámh go maith. Bhí fhios aca é sin agus rug cuid aca air chun íad féin a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. cruatan (~1,565)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Ó Scolaighe
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Coitiantaí, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Scolaighe
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Coitiantaí, Co. na Gaillimhe