Scoil: An Mhainistir, Carrabeg
- Suíomh:
- An Cheathrú Bheag, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An Br. Coinleith Ó Mainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá cúig gort ag m'athair agus seo íad na
h-ainmneacha atá ortha:- Gort Fleartaigh tugadh an t-ainm sin air mar fear darb ainm Fleartaigh a bhí ina chómhnuidhe ann fadó. Gort Baoi, tugadh an t-ainm sin air mar bíonn sé ag féachaint go baoi i gcómhnaí. Goirtín an chapaill, sé an fáth ar tugadh an t-ainm sin air mar sí an chapall a bhíodh ann beagnach an tamall ar fad. Goirtín an coirnéal, sin an fáth ar cuireadh an t-ainm sin air mar tá sé suidhte ar coirnéal an bhóthair. Garraidh mór, mar tá sé go fada agus go leathan.
Tá cúpla cnuc ar thalamh m'athairse:- Cnoc mór, mar tá sé sáthach mór. Cnuc Mhaitchíos , tugadh an t-ainm sin air , mar bhí fear ina chómhnuidhe ann agus Maitchíos an t-ainm a bhí air.
Tá bóithrín an freisin, bóithrín cúng mar níl sé leathan.- Bailitheoir
- Máirtín Ó Scolaighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Coitiantaí, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Scolaighe
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Coitiantaí, Co. na Gaillimhe