Scoil: An Mhainistir, Carrabeg
- Suíomh:
- An Cheathrú Bheag, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An Br. Coinleith Ó Mainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo iad na ráidhte atá ag na sean i dtaobh na h-aimsire. Tá an geallach báidhte anocht sílm gur gearr go mbeidh báisteach againn. Déarfainn go raibh na cnuic ag féachaint an gar dúinn indhiu is gearr go mbeidh báisteach againn. Beidh droch úair againn mar thá druim an chuit leis an teinidh. Chonnaic mé na cearcaigh á bpiocadh féin indhiu beidh báisteach againn. Chúala mé na feadóga ag dul thart trathnóna aréir beidh droch úair againn. Bíonn muid a radh i gcómhnuidhe núair a fheiceann muid na madrí agus na cuit ag ithe féir glas go bhfuil báisteach air.
Bíonn muid a rádh go mbíonn úar breagh air núair a bhíonn an grían dearg ag dul faoi. Núair a eirigheas an tuile ar an árd bíonn muid ag rádh go mbíonn sé i ngar do úar breagh.
Déarfainn go mbeidh sioc againn anocht bhí na réaltóga go h-an lastaigh. Bhí na géanna fíadáine an íseal anocht déarfainn gur gearr go mbeidh báisteach againn. Féach chomh gorm is atá an teinidh beidh an lá amárach fluich.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tEanach Thoir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás de Búrca
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tEanach Thoir, Co. na Gaillimhe