Scoil: An Mhainistir, Carrabeg
- Suíomh:
- An Cheathrú Bheag, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An Br. Coinleith Ó Mainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí féar in a chómhnuidhe í luimhneach fadó agus "Tadhg O Mórán" an t-ainm abhí air. Oidhche amháin tháinich néach aighe agus dúbhairt sé léis go raibh "potá Óir" í gCáthair Pádraic Dé Búrca í Luimhneach. Tháinic sé arís aighe an dara Oidhche, agus dubhairt sé léís a déarbhráthair a tábhairth léis fréisín.
Bhí se sín céarth go leór go dtáinic an tríomadh Oidhche , tháinic an néach arís, agus dúbhairth sé léis Coileach a tábhairt léis mar bhí go leór easógh ag fairré ar an bpóta.
Dúbhairth sé léis núair a d'fheicfeadh sé an easógh an Coileach a tábhairth dó lé n-ithe.
Maidin lá ar na Mhárach chúaidh sé féin agus a dhéarbhrathair go dtí an Chathar agus thug síad laide agus priochoidh leó.
Nuair a tháinich síad go dtí an áit thosuigh síad ag tochailth, agus ag tochailth ar deire chonnaich síad an póta , agus thosuigh an bheirt acha ag troidh, ag féachaint cé aighe a bhéadh an "póta Óir"(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Ó hÉidhin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Micheal Ó hÉidhin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cheathrú Bhán, Co. na Gaillimhe