Scoil: An Mhainistir, Carrabeg

Suíomh:
An Cheathrú Bheag, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An Br. Coinleith Ó Mainnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0025, Leathanach 0169

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0025, Leathanach 0169

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Mhainistir, Carrabeg
  2. XML Leathanach 0169
  3. XML “Ciste Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá sean-caisleán ar bruach Loch Coirrib i mbaile an Dubh. Deireann na sean-daoine go bhfuil cisde óir i bhfolach faoí an doras ann. Bhí fear barramhail san áit agus núair a chuala sé an sgéal sin, níor stop sé go ndeachaidh sé san oidhche go dtí an caisleán. Thosuigh sé air a' déanamh poll ar an urlár faoí an mballa ar torraigeacht an óir.
    Bhí sé timcheall dhá úair ag obair agus bhí poll mór doamhin déanta aige núair a chúala sé ceol binn. A leithéad nár chúala sé aríamh. Stad sé de'n obair agus shuidhe sé síos ag éisteacht leis. Ar an bpoinnte boise chuala sé torran mór agus thainigh faitchíos air agus chúaidh sé abhaile.
    An oidhche dár gcionn fúair sé tuilleadh misnighe agus chuaidh sé ann arís. Fúair sé amach go raibh an poll a bhí déanta an oidhche roimhe sin clúduighthe isteach arís agus féar glas ag fas ann. Thosuigh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Feodhabhra
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tómás Ó Feodhabhra
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe