School: Cúl Árann (Clochar)
- Location:
- Cúl Árann, Co. na Gaillimhe
- Teacher: An tSr Fionnbharr Nic Chárthaig
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúl Árann (Clochar)
- XML Page 0004
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)séard a dúbhairt Peadar "Gabhar Marbh" agus bhí an fear eile ag gabhail dó nó go raibh sé in ann "Good Morrow" a rádh. Dubhairt sé leis annsin a dhul abhaile agus a bheith dhá rádh ar a bhealach abhaile. Níl aon choiscéim dár shiubhal Peadar nár dhúbhairt sé "Good Morrow" ó d'fág sé Gallimh go ndeacha sé go Muinteach. I ngar do'n bhaile bhí air dul treasna treinse a bhi lán d'uisge agus ní raibh aon bhealach le dul treasna acht siubhal ar chlár . Nuair a bhí Peadar leath bhealaigh sgior a chos agus thuit sé síos sa troinse uisge , is beag nár báthadh é. Nuair a d'eirigh sé agus é múchta báidhte níor fhéad sé smaoineach ar an bhfhocal . Ní raibh duine ar a'mbaile nach raibh amuigh roimh Peadar go gchloisfheadh siad an focal Béarla a bhí aige.
"Céad fáilte abhaile a Pheadair agus innis dúinne an focal Béarla . Thuit mé sa troinse" ars Peadar "agus deabhal mé gur báitheadh an fhocal". Thoirdibh amach an méid a bhí ar an Múinteach le cannai agus buicéadai , pitchers, kittles agus saucepans go dtriomochaidis an troinse go bhfuighidís an focal Béarla. Thosuigheadar ag triomúghadh agus Peadar a'breathnúghadh ortha gur thriomuigh siad an mhéid(continues on next page)- Collector
- Bríghid Seoighe
- Gender
- Female
- Address
- An Caithrín Liath, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Tomás Seoighe
- Gender
- Male
- Address
- An Caithrín Liath, Co. na Gaillimhe