School: Cúl Árann (Clochar)

Location:
Coolaran, Co. Galway
Teacher:
An tSr Fionnbharr Nic Chárthaig

Filter stories

Back
/ 0170 Forward
Resolution: Low | High
Cúl Árann (Clochar) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0020, Page 0065

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

oidhche sin bhíonn teine mór ins gach baile Agus téigheann na daoine go léir go dtí an áith sin, agus bhíonn siad ag rinnce timcheall na teine agus ag ceol. Annsin nuair a bhíonn siad ag dul abhaile tugann sias splannc dearg abhaile leo; agus dhéanann siad comhartha na croise ar na barraí go léir.

Oidhche Shamhna: - Oidhche spóirteamhail iseadh Oidhche Shamhna. Bíonn suipéar mór i ngach teach an oidhche sin. Déanann bean an tíghe bairín breac agus cuireann sí fáinne, méaracán cnaipe agus raol isteach ann. Bíonn gach duine ar chipíníbh féachaint céard a bheadh le fághail aige. An duine gheibheann an fáinne sé an chead duine a bheidh pósta an duine a gheibheann an méaracán má’s cailín í posfaidh sí taillúir an duine gheibheann an t-airgead beidh saidhbhreas aige.
Tar éis an t-suipéir curtar tubán lán d’uisge i lár an urláir agus curtar alán ubhall isteach ann. Bíonn na duine ag iarraidh ubhaill a thóghaint amach as an dtubán le na bhéal gan lámh do chur san uisge.

(continues on next page)
Collector
Sorcha Ní Mhuirgís
Gender
female
Address
Monard, Co. Galway
Informant
Séamus Ó Muirgís
Gender
male
Address
Monard, Co. Galway
Language
Irish