Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 302
- XML “Cuntas Eile fá Lucht Siúil”
- XML “Tuilleadh Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí fear eile ag gabháil thart a rabh an "Cearalann Beag" air. Bhí cruit mhór air, do féin a innistear é. Deir siad gur tarbh a rinne an chruit air. Fear a bhi ann a rabh droch theangaidh aige dá mbíodh fearg air nó é ar meisge. Bhíodh mála air i gcomhnuidhe agus a chuid eudaigh leabtha istigh ann. Fuair sé bás i dteach na mbocht.
- Tuilleadh Lucht -Siubhail
Bhí fear i n-a chomhnaidhe thiar sa ghleann tá seal bliadhanta ó shoin i gConndae Thír Chonaill, darbh' ainm Eóin Mhicí. Bhí sé ar shiubhal i Americá agus bhí fear ar an bhaile seo darbh ainm Peadar mac Fhionnlaigh i n-a chuideachta.
Tháinig Peadar 'un an bhaile agus d'fhan Eóin thall leis. Bhí fear ag dul thart ins an am darbh ainm "Willie John" agus chuala sé an scéal seo. D'imthigh sé leis annsin ag tarraingt ar theach Eóin Mhici agus é ag cur i gcéill do gach duine gurbh eisean Eóin a bhí indiaidh a theacht as Ameriacá. Bean Eóin Mhicí féin níor aithin sí é mar go rabh sé ar shiubhal le fada an lá. Bhí mac ag Eóin darbh ainm Seán agus níor aithin sé é mar go rabh sé ar shiubhal le fada an lá. Nuair a chuaidh "Willie John" isteach cuireadh fáilte mhór roimhe agus cuireadh sceula chuig fear as an bhaile, Séumas Mac Fhionnlaigh go dtáinig Eóin Mhicí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlin Ní Chanann
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cathal Ó Canann
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 59
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall