School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 302
- XML “Cuntas Eile fá Lucht Siúil”
- XML “Tuilleadh Lucht Siúil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí fear eile ag gabháil thart a rabh an "Cearalann Beag" air. Bhí cruit mhór air, do féin a innistear é. Deir siad gur tarbh a rinne an chruit air. Fear a bhi ann a rabh droch theangaidh aige dá mbíodh fearg air nó é ar meisge. Bhíodh mála air i gcomhnuidhe agus a chuid eudaigh leabtha istigh ann. Fuair sé bás i dteach na mbocht.
- Tuilleadh Lucht -Siubhail
Bhí fear i n-a chomhnaidhe thiar sa ghleann tá seal bliadhanta ó shoin i gConndae Thír Chonaill, darbh' ainm Eóin Mhicí. Bhí sé ar shiubhal i Americá agus bhí fear ar an bhaile seo darbh ainm Peadar mac Fhionnlaigh i n-a chuideachta.
Tháinig Peadar 'un an bhaile agus d'fhan Eóin thall leis. Bhí fear ag dul thart ins an am darbh ainm "Willie John" agus chuala sé an scéal seo. D'imthigh sé leis annsin ag tarraingt ar theach Eóin Mhici agus é ag cur i gcéill do gach duine gurbh eisean Eóin a bhí indiaidh a theacht as Ameriacá. Bean Eóin Mhicí féin níor aithin sí é mar go rabh sé ar shiubhal le fada an lá. Bhí mac ag Eóin darbh ainm Seán agus níor aithin sé é mar go rabh sé ar shiubhal le fada an lá. Nuair a chuaidh "Willie John" isteach cuireadh fáilte mhór roimhe agus cuireadh sceula chuig fear as an bhaile, Séumas Mac Fhionnlaigh go dtáinig Eóin Mhicí(continues on next page)- Collector
- Eibhlin Ní Chanann
- Gender
- Female
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Informant
- Cathal Ó Canann
- Gender
- Male
- Age
- 59
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal