Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 281

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 281

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 281
  3. XML “Áitainmneacha”
  4. XML “Áitainmneacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    uaidh Dhomhnall óg a ceannuigheadh é.
    "An Mhalaidh Láir" :- Tá malaidh againn fosta agus siocair go bhfuil sí astoigh idir beirt eile bheirtear an 'mhalaidh láir uirthí.
    " An Pháirc Dhoighthe":- Tá an pháirc seo ag Michéal Mac Phaidín agus siocair go rabhthar ag dóghadh leathaigh inntí fuair sí an t-ainm seo.
    "Páirc an t-sean toighe":- Seo páirc an t-sean toighe atá ag Cathal Ó Gallchobhair. Tá sean bhallóg toighe inntí.
    " An Druim Ruadh":- Sin píosa talaimh agus tá dath ruadh ar an fhéar atá ann.
    " An Maolánach" = Sin áit atá thíos ar an tráigh agus sioncair go bhfuil sé maol gan aon fhosgadh aige, baisteadh an t-ainm sin ar an áit.
    Lág na gCeasach:- Sin áit atá ar an chnoc agus fadó bhithí ag déanamh ceasaighthe thart san áit nuair a bhíodh na daoine ag cruinnuighadh mónadh. Ceasaidh a bheirtear thart annseo, ar bhealach trasna ar shruthán beag. Dheánamh siad ceasaidh de sgratha agus gráigeanna. Bhí lag íseal san áit seo fosta, agus sin an dóigh a bhfuair sé a ainm.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Is i Mín-Na-Lárach, Gort-an-Choirce, Tír-Chonaill atá an fheirm seo. Seo na h-ainmneacha atá ar áiteacha éigin ann.
    An Pháirc bheag: Sé an fáth gur baisteadh an "phairc bheag" mar ainm uirthí mar go rabh sí iongantach beag
    Bun-an-Talaimh:- Baisteadh sin air mar go rabh sé ag bun an talaimh.
    An Draen mór:- Baisteadh an tainm sin air mar go rabh lag mhór fhada ann.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
    Bailitheoir
    Donnchadh Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    68
    Seoladh
    Mín Lárach, Co. Dhún na nGall