Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 251

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 251

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 251
  3. XML “Seanchleasannaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean-chleasannaí
    Is iomdha cineál cleasannaí a bhíodh ag daoine fadó nach bhfuil indiu. Seo ceann acú:" Crúdaige, creagaide i lár mo dhrom-sa agus i lár do dhrom-sa cé mhéad adharc ar bhocaide boc?" Ba h-é an dóigh a n-imthrigh an cleas sin: Chaithfeadh beirt, cathaoir a thabhairt leo síos i lár an toighe, agus duine acú suidhe uirthí, agus an duine eile seasughadh ar a chúl agus an rann seo gha rádh aige. Annsin nuair a chuireadh seisean ceist ar an fhear dó bhí ina shuidhe ar an chathaoir, cé mheud adharc do bhí air, chaithfeadh an fear eile freagra do thabhairt air. Agus muna mbíodh an freagra ceart aige bhíodh pionnas éigin ag an mhuinntir eile le cur air cosamhal le:- Chaithfeadh sé a ghabháil síos agus aníos an t-urlár deich n-uaire agus a dhá shul druidte aige agus gan a chos nó a lámh a bhuaileadh ar aon rud.
    Cleas eile: Thart -an-bhróg
    Chaithfeadh gach uile dhuine a ghabháil ar a ghlúine beaga thart ar chladach na teineadh, agus bróg a bheith i láimh achan diune. Annsin an té a bhiodh ar tús chaithfeadh sé a ghábháil thart i gcúl an mhuinntir eile agus a dhá shúil a dhruid, agus tomhas cé aige a raibh comráduidhe a bhróige féin. Annsin dá mbíodh sé gan tomhas chaithfeadh achan duine a bhróg féin a chaitheamh air sa chruth nach mbuailfeadh sé é, agus an té a bhuailfeadh é, sé a chaithfeadh a ghabháil ar tús aríst.
    "An Lúrapóg"
    Seo an rann: "Lúrapóg, lúrapóg, bliadhain neóin, léab an phobáin, sic na mbuille, buille beag siud isteach an t-slat ar bhárr na slaite." Seo an dóigh a n-imirthidhe é Bhíodh ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Ghallachobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Mín Lárach, Co. Dhún na nGall