Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 250
- XML “Tuíodóireacht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cupla duine de, na comharsanaigh le cuideadh leis. Chuireadh fear amháin aca an tuighe ar an teach agus bheireadh an chuid eile an cochán dó.
Nuair a bhíodh sin deánta aca chuireadh siad na rópaí air. Ní bhíodh na rópaí sin cosamhail leis na rópaí atá ag gabháil anois. Deánta de fhionnadh beathach le é a chasadh le corr shúgáin. Bhí na rópaí sin ar an mhuinntir a b'fheárr dá bhfacadh na daoine ariamh. Ghnidheadh siad na rópaí sin fosta le fionnadh capaill agus ba a cheangal. Triúr a ba ghnáthach an tuighe a chur. fear i mullach an toighe agus fear ar gach taobh de'n teach. Bhíodh ceairtlín mór de rópa fionnnaidh aca. Cheanglochaidhe píosa de'n rópa de cloich nó de táirghne a bhíodh sáithte amach as an bhalla.. Chaithtidhe an cheartlín suas ag an fhear a bhíodh ar mhullach an toighe. Annsin, Chaithfeadh seisean síos ag an fear a bhí ar an taobh eile de'n teach. Chuireadh seisean thart ar an chloich nó an táirghne píosa dí agus annsin chaithfeadh sé suas airís í ag an (dara) fhear a bhí i mullach an toighe. Leigeadh seisean síos airís í ag an dara fear. Ghnídheadh seisean an rud ceudhna leí a rinne an chéad fhear. Bíodh céad coischéim de rópa sa cheartlín agus nuair a bhíodh na rópaí sin caithte bhíodh ceann eile aca.- Bailitheoir
- Peadar Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua Arlaí
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80