School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 250

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 250

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 250
  3. XML “Tuíodóireacht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    cupla duine de, na comharsanaigh le cuideadh leis. Chuireadh fear amháin aca an tuighe ar an teach agus bheireadh an chuid eile an cochán dó.
    Nuair a bhíodh sin deánta aca chuireadh siad na rópaí air. Ní bhíodh na rópaí sin cosamhail leis na rópaí atá ag gabháil anois. Deánta de fhionnadh beathach le é a chasadh le corr shúgáin. Bhí na rópaí sin ar an mhuinntir a b'fheárr dá bhfacadh na daoine ariamh. Ghnidheadh siad na rópaí sin fosta le fionnadh capaill agus ba a cheangal. Triúr a ba ghnáthach an tuighe a chur. fear i mullach an toighe agus fear ar gach taobh de'n teach. Bhíodh ceairtlín mór de rópa fionnnaidh aca. Cheanglochaidhe píosa de'n rópa de cloich nó de táirghne a bhíodh sáithte amach as an bhalla.. Chaithtidhe an cheartlín suas ag an fhear a bhíodh ar mhullach an toighe. Annsin, Chaithfeadh seisean síos ag an fear a bhí ar an taobh eile de'n teach. Chuireadh seisean thart ar an chloich nó an táirghne píosa dí agus annsin chaithfeadh sé suas airís í ag an (dara) fhear a bhí i mullach an toighe. Leigeadh seisean síos airís í ag an dara fear. Ghnídheadh seisean an rud ceudhna leí a rinne an chéad fhear. Bíodh céad coischéim de rópa sa cheartlín agus nuair a bhíodh na rópaí sin caithte bhíodh ceann eile aca.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
          1. thatching (~353)
    Language
    Irish
    Collector
    Peadar Ó Briain
    Gender
    Male
    Informant
    Pádruig Ua Arlaí
    Gender
    Male
    Age
    80