Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 211

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 211

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 211
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. XV
    Casadh an mhaighdean Mhuire orm ag siubhal ar thalamh bheannuighthe Trí leabhar Aifrinn léithe i n-a cuid lámh. Trí shagart ag gabháil cheoil, seacht gclog ag bualadh. Doras na bhFlaitheas a fhosgladh, doras Ifrinn a dhruid. An té deireas seo trí h-uaire ag éirighe dó, trí h-uaire ag dul a luighe dó, ní dhallfaidh sé doras ifrinn go deo.
    XVI
    Ó a Dhia caithfidh mé bás d'fhágháil níl fhios agam ce'n áit, ce'n uair nó caidé an dóigh, acht má gheibhim bás i bpeacadh.marbhtha thá mé caillte go deo. A Íosa bíodh trócaire agat ar pheacach bocht mar mise agus cuidigh liom i ngach contabhairt a mbéidh mé ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ghéidigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Pháidín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
  2. XVII
    An Eisirghe an urnaithe is feárr d'ár chuala mé ariamh d'á léigheadh as leabhar ariamh. Íosa a cuireadh annseo indiaidh é a chrochadh le crann. Dia h-Aoine a crochadh an Comaine, ar an Aoine a chreidim i nDia. Siud anoir súil duine fríd cré na nGnidheacha, tá bean fá na cheann, bean fá na chosa, agus an treas bean fá dheis láimh Dé, M'anam leat, a Mhichíl Bháin, is iomdha sin comhartha idir doras Ifrinn go dtí doras tigh báirr. An té a mbéadh an Eisirighe aige agus a déarfadh í gach lá níor bh'eagal do seasamh ar leacacha Ifrinn anois, a choidhche, nó go bráthach
    XVIII
    A fháilte rómhat a chuirp ar dtighearna a tháinig go neamh-dhóigh a bheith do chéasadh ar chrann na páise. Is peacach bocht mé deánamh ort, acht a Dhia na agar orm 'mo
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Chanann
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Nuala Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    50
    Seoladh
    Cnoc na Naomh, Co. Dhún na nGall