Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 209
- XML “Seanphaidreacha”
- XML “Paidreacha Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ó a Íosa mo anam, a Mhuire mo anam agus mo chruthuigheóir. Ná leig cuid cathuighthe an diabhail nó a chuid oibreacha i n-aice liom.
A Maighdean a Mhuire, bí ag siubhal liom ar feadh lae agus oidhche. A Naomh Antóine má chaillim a dhath cuidigh liom é a fhághail. A Pheadar na n-eochracha agus Eoin baiste fosglaigidh an doras damh agus leigigidh isteach mé ar an lá deireannach. VI
Tá mé mo luighe san leabaidh seo 'gus mé tinn 'gus lag, a Íosa milis. Críosta go rabh tú ag mo ghárdáil. A Mhaighdean a Mhuire, 'gus a aingéal Dé déanaigidh biseach damh má's féidir é agus má fhághaim bás, go dtéighidh mo anam fríd bhur lámha beannuighthe. VII
Éirighim-sa amach as an leabaidh seo 'gus go n'éirighidh Dia liom.
Cuirim-sa orm mo chuid eudaigh agus go gcuidigh Dia liom. Guidhim suas le Dia agus go n-éistighidh Dia mé.
VIII
Ag coigilt na teineadh
Druidim-sa mo dhoras agus coiglim mo theinidh, ionar chrann na páise. Má mhusclann mo charad mé na musgladh mo námhaid mé Loch Finne faoi an teach, loch na dtéigidh ceo uirthí. Caill, breis nó dóghadh na dtigidh ar mo teach nó ar aon duine dá bhfuil ann go maidín.Sorcha Ní Ghallchobhair, Mín-na-Lárach, Gort -an-Choirce
Brighid Ní Ghallchobhair, Mín -na-Lárach, Gort-an-Choirce - Paidreacha eile IIMuire agus a mac ag siubhal amuigh sa la casadh daobhtha an pearsa beannuighthe Siúman as an Róimh. Shín sé daobhtha(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Curráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall