Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 180
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Íce píce ar aghaidh an toighe agus íce píce ar chúl an toighe, ma bhain tusa le íce píce bainfidh íce píce leat= Coll faithche:
Tá rud faoi an leabaidh ag fanacht le cnámh?= Bróg. Foiligeán ná gréine ag teacht anall fríd an t-sáile fear an chóta ghuirm agus snáithe dearg in-a léinidh. Gliomach. Caidé thig le ceirc dhuibh a dheánamh nach dtig le ceirc bháin a dhéanamh= Thig le ceirc dhuibh uibh bhán a bhreith acht cá dtig le ceirc bán uibh dhubha bhreith. Tá sé ar an t-saoghal le míle bliadhain agus níl sé acht mí go fóill= An Ghealach. Cé an taobh de'n chaora is mó a bhfuil olainn air= Taobh amuigh. Cé an áit ar buaileadh an cheúd táirnige= San cheann. Chuaidh trí nó ceathair de sgeadamáin siar go Dún-na-nGall ní rabh súl nó béal nó teangaidh acú agus iad uilig ag cainnt- Trí tonnaí fairrge. Cuirtear é agus ní fhásann sé= Glasdoras. Cé aca an gé dubh nó an gé bán an ganndal= Ní rabh aon gé ariamh ina ganndal. Chuaidh mé suas an cnoc agus tháinig mé anuas an cnoc agus thug mé liom ar mo dhruim é= Dréimre. Cuirtear isteach dubh é agus tigeann sé amach bán= Fód mónadh. Tomhas orm tomhas ort caidé an dealg a chuir Brighid sa bhrat= Bior siocáin. Caidé an rud ná dtig le Dia a dheánamh= Ní thig leis dá chnoc a dheánamh gan lag do bheith eatorra. Chuaidh éan gan cleite isteach i bpoll agus tháinig éan gan béal agus d'ith sé é= Sneachta a chuaidh isteach i bpoll agus tháinig an grian agus léagh sí é. Caidé an rud a tcí tusa nach bhfeiceann Dia= Ní fheiceann Dia fear níos feárr nó é féin acht tcí tusa. Caidé (ann-amhar) an fáth a n-amharcann an capall thar an chnoc?= Mar nach dtig leis dul fríd an chnoc.
Caidé an chuid de'n bhó a theíd isteach sa bhóitheach an cheud uair? An anál. Dhá fhear deág i n-a luighe ar leabhaidh agus gan aon duine aca ar cúl nó ar colbha rotha cáirr. Bhí duine bheag agus duine mór ag suibhal an bhealaigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Fhionnlaighe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 83
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 59
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Curráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 81
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall