School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 180

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 180

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 180
  3. XML “Tomhaiseanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Íce píce ar aghaidh an toighe agus íce píce ar chúl an toighe, ma bhain tusa le íce píce bainfidh íce píce leat= Coll faithche:
    Tá rud faoi an leabaidh ag fanacht le cnámh?= Bróg. Foiligeán ná gréine ag teacht anall fríd an t-sáile fear an chóta ghuirm agus snáithe dearg in-a léinidh. Gliomach. Caidé thig le ceirc dhuibh a dheánamh nach dtig le ceirc bháin a dhéanamh= Thig le ceirc dhuibh uibh bhán a bhreith acht cá dtig le ceirc bán uibh dhubha bhreith. Tá sé ar an t-saoghal le míle bliadhain agus níl sé acht mí go fóill= An Ghealach. Cé an taobh de'n chaora is mó a bhfuil olainn air= Taobh amuigh. Cé an áit ar buaileadh an cheúd táirnige= San cheann. Chuaidh trí nó ceathair de sgeadamáin siar go Dún-na-nGall ní rabh súl nó béal nó teangaidh acú agus iad uilig ag cainnt- Trí tonnaí fairrge. Cuirtear é agus ní fhásann sé= Glasdoras. Cé aca an gé dubh nó an gé bán an ganndal= Ní rabh aon gé ariamh ina ganndal. Chuaidh mé suas an cnoc agus tháinig mé anuas an cnoc agus thug mé liom ar mo dhruim é= Dréimre. Cuirtear isteach dubh é agus tigeann sé amach bán= Fód mónadh. Tomhas orm tomhas ort caidé an dealg a chuir Brighid sa bhrat= Bior siocáin. Caidé an rud ná dtig le Dia a dheánamh= Ní thig leis dá chnoc a dheánamh gan lag do bheith eatorra. Chuaidh éan gan cleite isteach i bpoll agus tháinig éan gan béal agus d'ith sé é= Sneachta a chuaidh isteach i bpoll agus tháinig an grian agus léagh sí é. Caidé an rud a tcí tusa nach bhfeiceann Dia= Ní fheiceann Dia fear níos feárr nó é féin acht tcí tusa. Caidé (ann-amhar) an fáth a n-amharcann an capall thar an chnoc?= Mar nach dtig leis dul fríd an chnoc.
    Caidé an chuid de'n bhó a theíd isteach sa bhóitheach an cheud uair? An anál. Dhá fhear deág i n-a luighe ar leabhaidh agus gan aon duine aca ar cúl nó ar colbha rotha cáirr. Bhí duine bheag agus duine mór ag suibhal an bhealaigh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Language
    Irish
    Informant
    Séamus Mac Fhionnlaighe
    Gender
    Male
    Age
    83
    Address
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
    Informant
    Seán Mac Pháidín
    Gender
    Male
    Age
    59
    Address
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
    Informant
    Seán Ó Curráin
    Gender
    Male
    Age
    68
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Informant
    Seán Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    81
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal