Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)

Suíomh:
Loch Muc, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Áine M. Ní Fhuathaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 46

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 46

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lochmuice
  2. XML Leathanach 46
  3. XML (gan teideal)
  4. XML “Oíche Shamhna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí lanamhan ann aon uair amháin agus bhí inghean amháin ann.

    Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. I bhfad ó shoin ba ghnáthach le na daoine cabaiste a chaitheamh ag an doras. Fosta bhíodh siad ag ithe sgadán os comhair gloine agus an sgadán a ithe i trí ghreim agus i lár na h-oidhche thiocfadh an fear a bhí i ndán dóibh agus béarfaidh sé deoch dóibh mar bhéidh tart ortha i ndiaidh an sgadáin d'ithe. Rachadh na cailíní amach ins an mheadhon oidhche go bhfeicfeadh siad an fear a mbíodh aca mar bheadh sgála an fhir ina an tobar nuair a amharcadh siad isteach. Ba ghnáthach leo trí bhoul a chuir ar an tábla cuireadh siad uisc glan ins an chéad boul, uisce salach ins an dara boul agus gan uisce ar bith ins an tríomhadh boul. Cuirtí dallóg ar shúile na gcailíní. Dá gcuireadh duine aca a mhéir ins an uisce glan gheobhadh sí fear óg agus dá gcuireadh sí a láimh ins an uisce slach gheobhadh sí sean-fhear agus dá gcuireadh sí a láimh ins an bhoul na raibh uisce ar bith ann ní bhfuigheadh sí fear ar bith.
    Theigheadh siad amach fosta go dtí an ath-aol agus bheadh cuthóg snaithe aca. Chaitheadh siad an chuthóg snaithe treasna na h-aithe agus choinneóchadh sí taoibh amháin de'n snath
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.