Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cineal Conaill
- XML Leathanach 66
- XML “Crumóg Ní Chrumóg agus Dubhóg Ní Dhubhóg”
- XML “Agus Tuilleadh dá mBíodh sé agam”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bán abhalta iad a thabhairt trasna.
Thionntuigh sé ar a taobh agus baithead an t-iomlán d-aobhtha : Dimtigh seisean amach suas an cnuich agus tá sé raidthe gur sin an chead madadh ruadh a bhí nGaoth Dobhair air ariamh. - Bhí fear na chomhnuide leis féin síos anseo i dteach bheag ag cois na locha tá tamall ó shoin. Bal, bhí sé na stracthóir mhór amuigh go luach as go mall agus gach pighinn a gheobhadh sé bhíod sé i dtaisge aige. Ní leigfeadh an chroidhe do a sháith a ithe féin, bhí sé comh h-ainidhseach sin agus bhí sé na rangloman ceart díoghbhail cothaí. ba chifleógach brathogach é ná ní leigfeadh a chroide do dadaidh a chathamh ar éadach no ar bhiadh.
Bhíod sé ar siubhal ar na h-aontaighe ag díol as ag ceannacht gan a’n duine na dhiaidh sa bhaile. Ní leigfeadh an ainidhseacht do pósadh ná dá bhfaghad sé bean caithmheach bhéadh sé sgriosta go deó agus ba mhór an rud biadh agus deoch a choinneal le bean féin.
Fá dheireadh agus é ar aonach i mbaile shiar i gConnachta, casadh air bean a d’fhóirfeadh dó(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- A. Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Anna Ní Cheallachain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 79
- Seoladh
- Tamhnach Ghorm, Co. Dhún na nGall