Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leithe an t-eallach anonn go Caorán na Tullach agus ar a bealach anonn casadh bachta mónadh uirthi. Chonaic sí luspán thíos anonn. Fill sí aníos íochtar a cóta agus chuir sí an luspán isteach ann. Tháinig sí anall na bhaile chuig Dubhóg Ní Dhubhóg agus dubhairt sí:
“Chugat an bás a Dhubhóg Ní Dhubhóg.”
“Níor mhothaigh mise agus níor chualadh mé é,” arsa Dubhóg Ní Dhubhóg.
“Maise mhothaigh mise agus chualadh mé é,” arsa Crumhóg Ní Chrumhóg agus bhí mar atá.Casach Baile an Átha “Lugin bas” muc sa tsac, Madadh Ruadh agus an Gearán Bán Bhaile an Droichid. Tháinig siad fhad le abhainn na Claddaigh. Bhí tuile mór san abhainn agus ní raibh siad ábalta faghail trasna.
D’iarr an madadh Ruadh ortha uilig dul suas air dhruim an ghearrain go dtabharfadh sé trasna iad. Nuair a fuair an madadh ruadh ar dhruim an ghearráin iad bhain sé greim as agus d’imigh an gearrán bán ar chos in áirde amach san abhainn. Bhí an tuile comh láidir sin agus nach raibh an gearrán(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seosamh Dunlop
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 20
- Seoladh
- Machaire Gathlán, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Curráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- Machaire Gathlán, Co. Dhún na nGall