Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)

Suíomh:
Cill Íseal, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Seán Ó Conaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 252

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 252

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Leathanach 252
  3. XML “Póitséireacht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    arís an túrnóg cad a chífeadh sé ach seisear póitséirí - ceathrar ar an bport agus beirt sa loch ag cuardacht agus an áit ar lasadh leis na mionnaibh a bhí ar theangan gach duine acu. "Dé an d-l áit ar chuaidh sé". Dar ndóigh ní hé an d-l féin do sciob leis é" etc.
    D'iarr m'athair cad a bhíodar ag lorg saloch, nó an as a gcéill a bhíodar? Lig sé isteach ar an gcuardacht leo ach dar ndóigh níor éirigh leo teacht air. Ghéilleadar sa deire gur míorbhúilt a bhí ann agus bhuaileadar leis go dtí an tigh-ósta. Sé fonn do bhí ortha ná na bradáin a d'éirigh leo do marbhú iad do dhíol ar leann.
    Ag caint dóibh sa tig seo, dúirt an t-óstaeir go bhfacha sé Conaire an Táiliúr ag dul treasna na páirce abhaile agus go raibh sé ag féachaint teann agus trom ar an dtaobh shiar. Dar ndóigh bhí fhios acu cad ba bhun leis an míorbhúilt ansan.
    Tamall ina dhiaidh sin bhí m'athair ag obair s tig feirmeora céanna seo. Bhíodar ag suí chun dinnéir nuair do labhair go leadránach, réidh, fear-an-tí mar seo leanas :- "Nach maith, tairbheach, an obair a bhíonn ar mo chlann-sa ag dul ag marbhú bradán agus tusa agus do chlann á n-ithe".
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Conaire
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Cheapaigh, Co. Phort Láirge