Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)

Suíomh:
Cill Íseal, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Seán Ó Conaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 181

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 181

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Leathanach 181
  3. XML “Ráite”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Feirmeoir a bhí suite cois tine tar éis éirithe dó. Bhí ag an mbórd an buachaill aimsire ag ithe a bhrisfásta.
    Dúirt an feirmeoir le na mnaoi "B'fearr liom na an baile seo is Baile na Buaile go mbeadh mo ghoile agamsa comh maith lem' bhuachaill".
    Bhí an buachaill ag éisteacht leis an gcaint seo agus gan neomat do chaillúint leis, scaoil leis an freagra seo ar ais :-
    Dá n-éireócha ar maidin is an baile seo chuardach
    Dul as seo ansan go Baile na Buaile
    Teacht thar n-ais agus easair do bhualadh
    Bheadh dughoile agatsa comh maith led' buachaill.
    Seo rá le Tadhg Gaolach :
    Is duine mé tá claon ar gach coirthe
    'Sis méin liom an imirt 'tabhairt suas
    Mar is baolach nuair léighfear mo bhille
    Go bhfeachfidh mo choirthe ró-mhór.

    Sioc Samhraidh agus fraocháin Earraig
    Agus nead ag an seabhac i bpoll an deataig.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Conaire
    Inscne
    Fireann