Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)

Suíomh:
Cill Íseal, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Seán Ó Conaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 154

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 154

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Leathanach 154
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Cathal Crobh Dearg ón Spáinn a bhí ag teacht go h-Éirinn ag iarraidh ingíne an Ríogh.

    Cathal Crobh Dearg ón Spáinn a bhí ag teacht go h-Éirinn ag iarraidh ingíne an Ríogh. Bhí sé ag ullmhú chun dul go dtí an Caisleán.
    Ghlaoidh sé leis a ghadhair dhruimneacha, a dhiallaití dearga, fuaimneacha, fuibhreacha, luachmhara, rudracha, castracha, calracha, craoracha.
    Shiúl sé naoi gcéad míle sa neomint le spur a béil-iarann agus le srian a bhéil órdha. Shocraig sé air a sheircín shróileach; a dhá bhróigín míne dubha Eadtroma de craiceann na bó bhainne druiminne léithe nár lig riamh ar aon dtaobh dá taobhannaibh; ar a gcuid laogh, ar a gcuid lacht; ná ar a gcuid rath saolta, ach buille dhá h-adharc do bhualadh sa talamh, iompódh ar chnámh a cúil agus codladh ar an gcuma san. Dhein sé seasamh ar phort an fhuaráin.
    Is breá deas taithnmheach a dheir an seasamh sin dó. Chíor sé a cheann; ní sé a lámha. D'fhéach sé siar, ó thuaidh agus ó dheas. D'iarr ar Dhia é chur ar a leas. D'ith a bhricfast, má fuair agus mar a bhfuair d'imigh i n-éagnuis ach is dócha go bhfuair is nach leite min-bhuí na prátaí dubha é.
    Bhí sé ag imeacht leis go raibh néalta dubha, dorcha, na h-oíche ag teacht. An luch ag dul i bpoll; an seabhac ag dul i gcrann; an gearrán bán ag dul ar scáth na cupóige agus an riabach pioc de anam na capóige a d'fhainfeadh síos ná suas leis. An dreoilín ag cur giollachán a dhá shúil amach ag iarraidh breith ón oíche agus an oíche ag breith air.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Conaire
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Caoimh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cnoc na Faille, Co. Phort Láirge