Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)

Suíomh:
Cill Íseal, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Seán Ó Conaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 110

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 110

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Leathanach 110
  3. XML “Aonach Chaisleáin an tSléibhe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Seo scéal ar chúirt na talmhan i nDúngarbhán timpeall caogadh mbliain ó shoin ann.
    Tionóntuidhe ó Pharóiste Chill Ghobnatan a bhí ag cur isteach ar locáiste ar chíos na feirme d'fháil. Ba ró-bheag an méid Béarla a bhí aige, ach mar sin féin, ba bhreá leis bheith á spalpadh leis. Sé an breitheamh á chistigh é nuair a bhí an cheist geall leis pléidhthe.
    "De'n meas atá ort"? arsan breitheamh.
    "Mhuise, yer honour, níl aon mheas orm ach amháin pé rud beag measa atá afam féin orn féin".
    "I understand" arsan breitheamh "that you get 12 barrels of oats to the acre from your land".
    "Bheul" arsa mo dhuine séimh "I vouldn't rawther than I vouldn't"
    Bhain an breitheamh iarracht eile fé. "How about your potatoes?"
    "Bhuel is mar seo a bhíonn. "Says you now, that's the ridge" ag cur a méire anso agus ansúd ar mhuincille a láimhe eile. "I put wan sciollán sa pholl so, wan other wan sa pholl so and the tríu wan sa pholl eile seo. Thin the préachán bán would walk in and away would go sciollán an chéad phuill. An fireán rua would wear into two and thin I'd have wan".
    Is mar sin a bhí sé ag casadh an scéil gur chuir sé an dalla-phúicín ar an mbreitheamh agus d'éirigh sé as an gceistiúchán.
    Fuair an tionóntuidhe an locáiste.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. trádáil
          1. díol agus ceannach (~3,622)
      2. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    2. gníomhairí (~1)
      1. daoine
        1. faicsin (~230)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Conaire
    Inscne
    Fireann