Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)
- Suíomh:
- Cill Íseal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Conaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ón m'athair as a 'sop' agus an conach air le fíor-feirge ach nuair do rug sé bolta an doras thit an 'corp' isteach maol marbh ar an úrlár.
Ansan a bhí hulabalú ann mar sé an chéad rud a bhuail isteach i nár n-aigne ná go raibh sé thar cabhair ó aoinne ar an saol seo.
Ní ró-fhada gur shleamhnaigh eadh osnadh agus ina dhiaidh sin ceann eile. Ansan bhraithmear é ag oscailt agus ag brolacadh timpeall. Sa deire labhair agus siad na focail a tháinigh as a bhéal ach "Ó go sábháilidh Dia sinn; ciacú beo nó marbh dom?"
Chiuinigh sé i áit-a-chéile agus bhréagamair uiadh cad a bhí tar éis bainte dho.
D'innseadh don fear a chomhnuig ag béal dorais afainn - Tomás Tóibín - an rud do thit amach. D'éist sé gan focal go deireadh agus ansan tháinigh óna bhéal na focail seo :- " Sí an bhadhb a bhí ann agus ag teacht fém' an-se atá sí; is gairid domsa anois". Bhí an ceart aige. Fuair sé bás an lá ina dhiaidh sin.- Bailitheoir
- Seán Ó Conaire
- Inscne
- Fireann