School: Dubhthuama (roll number 14193)
- Location:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Mícheál Mac Támhais
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhthuama
- XML Page 083
- XML “Seanscéalta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)seo go ndeanfadh sé gach obair dá ndearnaidh aon fhear ariamh. Dubhairt sé leis nuair a d'éireochadh sé ar maidin agus nuair a d'fhiafróchadh an buachaill cé an obair a bhí le deanamh aige, a radh nach raibh a fhios aige go dtainig gach diabhal i n-ifrinn aige agus gur thug siad leó gach pighinn a bhí aige agus a iarraidh air a dhul sios, ar maidin nuair a d'éirigh an buachaill d'iarr sé ar an bhfear an raibh aon obair le déanamh aige? "Ni'l a fhios agam", ars an mháighistir. "bhfuil a fhios agat", ars an buachaill, an margadh a rinneamar le chéile? "An chéad (buachaill) bhuille a thiubhradh mé dhuit cuirfidh mé thú go dtí an cnoc sin amuigh -- cnoc a bhí céad míle uatha, agus leis an dara buille tá a fhios ag Dia an áit a gcuirfidh mé thú. Dubhairt an fear mar cómhairligheadh dhó go dtainig na diabhail agus gur thóig siad gach pingin airgid a bhí aige agus d'iarr sé air a dhul sios go hIfreann agus a fagháil uatha. Chuaidh an buachaill sios agus thug sé maide leis. Bhuail sé ar gheata ifrinn agus thainig na diabhaill amach. D'iarr sé orra ar thóig siad an tairgead agus dubhairt siad nár thóig agus thoisigh sé ga mbualadh go raibh siad ag ionnsuigh marbh aige. Dubhairt sé leo go gcaithfeadh siad a theacht anios leis go bhfeiceadh sé ar ghoid siad an tairgead. Thainig siad leis agus nuair a bhí siad i ngar do'n teach(continues on next page)
- Collector
- Áine Ní Mhuinchille
- Gender
- Female
- Informant
- Tomás Ó Muinchille
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tulachán Dubh, Co. Mhaigh Eo