Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mayo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 083
- XML “Seanscéalta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)seo go ndeanfadh sé gach obair dá ndearnaidh aon fhear ariamh. Dubhairt sé leis nuair a d'éireochadh sé ar maidin agus nuair a d'fhiafróchadh an buachaill cé an obair a bhí le deanamh aige, a radh nach raibh a fhios aige go dtainig gach diabhal i n-ifrinn aige agus gur thug siad leó gach pighinn a bhí aige agus a iarraidh air a dhul sios, ar maidin nuair a d'éirigh an buachaill d'iarr sé ar an bhfear an raibh aon obair le déanamh aige? "Ni'l a fhios agam", ars an mháighistir. "bhfuil a fhios agat", ars an buachaill, an margadh a rinneamar le chéile? "An chéad (buachaill) bhuille a thiubhradh mé dhuit cuirfidh mé thú go dtí an cnoc sin amuigh -- cnoc a bhí céad míle uatha, agus leis an dara buille tá a fhios ag Dia an áit a gcuirfidh mé thú. Dubhairt an fear mar cómhairligheadh dhó go dtainig na diabhail agus gur thóig siad gach pingin airgid a bhí aige agus d'iarr sé air a dhul sios go hIfreann agus a fagháil uatha. Chuaidh an buachaill sios agus thug sé maide leis. Bhuail sé ar gheata ifrinn agus thainig na diabhaill amach. D'iarr sé orra ar thóig siad an tairgead agus dubhairt siad nár thóig agus thoisigh sé ga mbualadh go raibh siad ag ionnsuigh marbh aige. Dubhairt sé leo go gcaithfeadh siad a theacht anios leis go bhfeiceadh sé ar ghoid siad an tairgead. Thainig siad leis agus nuair a bhí siad i ngar do'n teach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Áine Ní Mhuinchille
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Muinchille
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tulachán Dubh, Co. Mayo