Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)

Suíomh:
Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Mac Támhais
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 018

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 018

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhthuama
  2. XML Leathanach 018
  3. XML “Daoine Cáiliúla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Aodh Mac Deagáin.
    Bhí fear in a chómhnuidhe i nduthaigh Dheirc, Gaoth-Sáile, Co. Mhuigheó, agus shiubhail sé as Sligeach go Duthaigh Dheirc nuair a bhí sé teacht abhaile as Sasana agus rinne sé an tsiubhlóid seo in aon lá amháin. Ba fear beag caol é. Fuair sé bás timcheall deich mbliadhna ó shoin agus bhí sé an uair sin dá bhliadhain deug agus trí scór. Chualaidh m-athair an cunntas seo ó Aodh féin.
    Bhí fear eile ina chómhnuidhe i nDubh-Loch, Gaoth-Sáile, Béal an Atha, Tomás O Ruadháin a bhí mar ainm air. Ba uncal do Sheán Ó Ruadhain é. Bhí sé féin agus fear eile ag dul to Sasana am amháin. Níor mhaith leis an fear eile a bheith i bhfad ar an bhairrge agus shiubhail an bheirt aca ó Dhubh-loch to Doire - os cionn céad míle. Fuair Tomás bás dhá bhliadhain ó shoin agus bhí sé 73 bliadh. an uair sin.
    Tomás féin a d'innis é seo do'm athair.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Nic Thámhais
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Micheál Mac Thámhais
    Inscne
    Fireann
    Aois
    58
    Seoladh
    Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo