Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)

Suíomh:
Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Mac Támhais
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 100

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 100

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhthuama
  2. XML Leathanach 100
  3. XML “Na Céachtaí Adhmaid”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (Dathú ar lean)
    Cuirtear ailmín leof leis an dath a rúmadh. Dath donn a chuireanns an fraoch ar éadaighe, dath buidhe sgreablach na gcloc agus an criotal.
    Tá cineál eile a rómharann siad as an talamh cois srothán a ritheanns tré shléibhte. Cuireann sé dath dubh ar éádaighe. Sílim-sé gur freimhacha an t-siollastruim, na nduilleóg mbáidte agus na lile uisge é.

    NA CEÁCHTA ADMAID
    Tá céachta admaid i n-úsáid annseo go fóill agus suim bliadhanta ó shoin ní raibh aon chineál eile céachta san áit.
    A Dhéanamh: Faíghtear dhá chlár ramhara agus cuirtear le chéile íad mar seo (Sceitse) agusbloc admaid (sceitse) eatorra. Tá dhá shail admaid teacht anios uatha mar hannlai.(?) Cuirtear sonc thart ar ghob an cheáchta agus ar a thaobhanna. Asal a ghníonns an treabhadh leis agus ní dhéantar úsáíd de acht ag lanú drilleanna fatai. Tá céachta iarainn ag furmhór na ndaoine anois a bhfuil talamh gainnimh nó cré aca.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge