Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)

Suíomh:
Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Mac Támhais
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 114

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 114

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhthuama
  2. XML Leathanach 114
  3. XML “Ainmhithe na Feilme”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ainmhidhthe annseo - an bhó, an capall, an t-asal, an mhúil, an mhuc, an chaora; bíonn bó, muc, asal ar gach feilm, caoirigh ag corr-dhuine ar an t-sliabh, múíl ag cuid aca, capall ag daoine eile.

    Ainmneacha: Níor chualaidh mé ariamh acht maoilín, bó bhán, bó dhubh, bó riabhach. Tugtar "púicín" ar shearrach asail.
    Seóladh: Nuair a bhítear ag seoladh na mbó deirtear "hi, hi," "Doirs," nuair a bhítear 'gá stopadh, "Deasuigh thart," nuair a bhíonns na ba san stábla
    Glaodhach orra: "prigín, prigín," a deirtear leis na ba "suc, suc," leis an ngamhan
    "huris, huris," a deirtear nuair a bhítear ag glaodhach ar na mucaibh, "Smuc amach," le n-a ruagadh
    "Chuc, chuc," a deirtear ag glaodach ar chearcaibh nó sicíní, "Cearc amac," le n-a ruagadh
    Séidtear anál idir na puisíní nuair is maith leat go seasfadh an t-asal acht ní féidir an fhuaim a déantar a chur i bhfuirm focail, "asal amach," nuair a bhíotar (?) 'gá thiomáínt.
    "Bhó," a deirtear leis an gcapall agus fuaim cosamhail
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. riar ainmhithe (~2,587)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál Mac Thámhais
    Inscne
    Fireann
    Aois
    57
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)