Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)

Suíomh:
Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Mac Támhais
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 126

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 126

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhthuama
  2. XML Leathanach 126
  3. XML “Tiormacht Mór”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Thainig bliadhain amhain a raibh tiormacht mór ann agus bhí faitchios ar na daoine nach bhfásadh an siol a bhí curtha aca. Thoisigh cuid aca ag tarraint uisge agus 'gá chraitheadh ar an t-saol. Acht thainig lá agus thainig fear siubhal isteacht i dteach agus d'iarr se cé raibh muinntear an tighe. Dubhairt bean a' Tighe go raibh siad amuigh af craitheadh uisge ar an tsiol mar bhí faitchios orra nach bhfásadh se a choidhche i ngeall ar an tiormacht.
    Bhí sí in n-éis cáca a cur an oighean d'iarr an fear greim le n-ithe uirri. "Ní'l aon greimh bruithte sa teach acht an méid atá san oighean", ar sise, "agus ní'l se réidh go fóill". "Tabhair dhom cuid de", ar seisean, "mar tá ocras orm agus ní thig liom fanacht." Thóg sí an clár de'n oighean agus bhí tuir geomhair anios as an Taos a bhí san oighean
    Má's fluich tirim a thiocfas an bhliadhain Thuas atá Fear a dhéanfas an fás agus fuaidh sí amach agus stop sí an mhuinntear a bhí ag craitheadh an uisge.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. próisis agus feiniméin
      1. triomach (~35)
    Teanga
    Gaeilge