Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 037
- XML “Leighiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Borradh péist:- Lámh an seachtmhudh mic nó ingíne le h-aghaidh easbaidh nó craip. Deirtear má leagtar péist ar lámh an tseachtmhadh mic nó ingíne go bhfuighidh an péist bás ar áit na mbonn.
Sgoilteach:- Tá an fheamuinn bhuidhe go maith acht é róstadh sa teine agus a chur leis an áit a bhfuil an pian.
An chos dubh
i ngamhnai -- gáirleóg; greim beag ime agus púdar a bhrughadh le chéile agus a chur isteach i ngearradh sa más an áit a dtigeann an aicíd.
An Triuch:- Bainne an asail a ól.
An Bhruitíneach:- Gáirleog a bhrughadh agus a chur leis na cosaibh. Sugh na neanntóige nó fréamhacha neantóige a bhruith agus a thabhairt dóibh le n-ól.
Aicíd an Chroidhe: - Bonn an bháchráin a bhruith le súchra agus lucris agus a ól ar an gcéalachán ar maidin, timcheall(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Ghrudaigh
- Inscne
- Fireann