Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 038
- XML “Leighiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leath-ghloine.Garla Buidhe:- Tá luibh annseo le h-aghaid an gharla bhuidhe ag Maighréad Bhean an Mhaolámhaill i nduthaigh dheirc, Gaoth-Sáile agus ní innseochaidh d'éinne é. Bláthanna an Bhuachaillín bhuidhe bruithte.
Deirtear go leighseocaidh sé an garla buidhe.
Carraig: - Saill an bhagúin a cur orra agus an Saill a bheith chomh tanaidhe le páipéar.
Bunbhualadh no lot - an Slánlus a bhrughadh le min-choirce agus a dhur mar cheirtín air.
Na faithní - Dá choinlín déug agus cránra i ngach aon cheann a chur isteach i bpáipéar agus é fágáil ar an mbóthar agus an duine a thóigfeas é gheobhfaidh sé na faithní agus leighseochfar an duine eile. Nó dhá choinneal deug a lasadh ar oidhche chinn an dá lá dhéug.
Cáirseán:- Inchinn na caorach a bhruith.
Gearradh: - Slán-lus a bhrughadh agus a chur air.
Easbhuidh:- Fuil Riogh fhághail ó na mnaibh riaghalta i dTuaim, (Co. na Gaillimhe).(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Ghrudaigh
- Inscne
- Fireann