Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 069
- XML “Bóithrí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá an bóthar seo ag dul o'n scoil siar go dtí an aill atá thsiar i Gceann-ramhar. Tá sé déanta ar feadh trí scór bl. Tá bothar eile ag dul o seo go dti an abhainn-mhór agus ag dul go dtí Gaoth-Sáile. Tá bothar eile ag dul suas go dtí an Ráith agus ag dul go Gaoth-sáile. Tá cros bhothar annseo agus bíonn ná daoine uilig ag deanamh comhrádha ann. Tá cros-bhothar eile shuas ar bharr ná Ráithe acht ní cruinnigheann na buachailli ann mar níl aon fhosgadh ann mar atá ag crois-bhothar na scoile. Tá bothar eile ag dul amach tré Ceann-ramhar agus tá sé deanta lé dhá bl.
Tá cnoc thios in aice Ghaoth-sáile agus tugann siad "cnoc 'a toirbhirt" air. Tá sruthan ag dul treasna am bothair agus tugann siad fionn locha air. Tá fionn-loch 200 slat ar taobh thiar dhen scoil- Bailitheoir
- Brighid Nic Thámhais
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Micheál Mac Thámhais
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo