Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 021
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ar an taobh thall de'n Abhainn Mhóir, in áit gurab ainm dó an Dairleach in aice le Beannchor Iorruis, chómhnuidh Peadar O Gallchobhair. Ba iongantach an coisidhe é. Jobaire gamhnai a bhí ann. Théigheadh sé go Cúige Uladh agus abhaile an lá ceudna. Théigheadh na buachaillí a ba éasgaidhe a bhí san áit, ar a bhealach sios, amach leis ag rith agus eisean ar a choiscéim ag siubhal agus ní bhiodh síad i ndan a choineál leis.Dhein sé rud eicínt as bealach agus fuarthas barántas le n-a ghabháil. Chualaidh seisean go raibh an barántas air, phill sé abhaile as Cúige Uladh marcuigheacht ar bheithidheach capaill agus sháruigh ar na póilí a theacht suas leis go dtainig sé go dtí an Abhainn Mhór ag Muinchinn an taobh seo de Beannchor. Chuaidh sé de léim thar an abhainn annsoin nuair sháruigh sé ar an mbeithidheach capaill a dhéanamh."Thug tú léim mhaith, a Pheadair," ars duine(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Micheál Mac Thámhais
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Connamhacháin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 59
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tulachán Bán, Co. Mhaigh Eo