Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 165
- XML “Tithe na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ceanntuighe a bhíodh ar na tighthe fadó. Gheobhaidh muiríneach ó na Dumhacha i mBaile Cruaich, luchair ó thaobh na hAibhne Móire nó cothan. Is annamh a cuirte cothan orra mar bhí ag teastáil mar fhorae le haghaidh na mbó. Súgáin a bhíodh aca leis an clúdach a cheangailt. Bhíodh maidí ar an mbon-tsop agus clocha ceangailte le súgáin do'n maide agus íad 'na luighe ar an mbun-tsop.
Bhíodh leabaidh san gcistin i gcomhnuidhe in aghaidh na binne agus ar thaobh na teineadh. Bhíodh an leabaidh leigthe isteach san taobh-bhalla. Póc a tugtaí ar an áit san mballa i mbíodh an leabaidh. Ag bun na leabthan bhíodh balla tuairm cúig troighe ar airde agus teacht amach comhthrom leis an leaba.
Landail[?] a tugtaí ar an mballa seo.
Chodluigheadh an t-athair agus an mháthair san leabaidh
Giúsach a gheobhaidhe san bportach a bhíodh ar cheann an tighe.
Bhíodh an teinnteán ag ceann na cistinighe an bhinn a b'fuide ó'n dorus. Ní bhíodh aon tsimiléar aca. Poll eataigh (deataigh) a bhíodh ann. Ní'l a fhios(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Conamhacháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tulachán Bán, Co. Mhaigh Eo