Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 040
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Deirtear nach bhfuil sé ceart teach a dheanamh lá ar bith acht An Luain”
Deirtear nach bhfuil sé ceart an teach a dheanamh lá ar bith acht Dia Luain agus a dul isteach ann Dia hAoine.
Lá Coille:-Deirtear nach bhfuil sé ceart uisge nó rud ar bith a chaitheamh amach an lá sin. Tágann sé ar an gcéad lá do'n bliadhain úir
Dómhnach na Cinncíse:-Deirtear má ráchann tú amach ag snámh an lá sin nach mbéid tú beó an céad Dómhnach na Cincíse eile.
Brat Bríghidhe:-Cuirtear amach píosa fláinín deirg os cionn an dorais ar feadh na hoidhche. Tugtar isteach ar maidin é agus is é seó é "Brat Brighidhe". Cuirtear an brat Brighide ar dhuine ar bhith a bhíonn's tinn ar feadh na bliadhna agus deirtear go bhfuil leigheas ann.
Coinnlí:-Baintear luachair. Ceangailtear íad agus fágtar ag an doras cúl íad go dtigidh am suipéar. I léis an tsuipéar téideann duine amach agus tógann sé isteach. Deintear iad a seicheadh. Tomtar i nola íad, cuirtear duisín aca i maos ar an mbord agus lastar íad.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Nic Thámhais
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Ghámhnáin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 38
- Seoladh
- Tulachán Bán, Co. Mhaigh Eo