Borradh péist:- Lámh an seachtmhudh mic nó ingíne le h-aghaidh easbaidh nó craip. Deirtear má leagtar péist ar lámh an tseachtmhadh mic nó ingíne go bhfuighidh an péist bás ar áit na mbonn. Sgoilteach:- Tá an fheamuinn bhuidhe go maith acht é róstadh sa teine agus a chur leis an áit a bhfuil an pian. An chos dubh i ngamhnai -- gáirleóg; greim beag ime agus púdar a bhrughadh le chéile agus a chur isteach i ngearradh sa más an áit a dtigeann an aicíd. An Triuch:- Bainne an asail a ól. An Bhruitíneach:- Gáirleog a bhrughadh agus a chur leis na cosaibh. Sugh na neanntóige nó fréamhacha neantóige a bhruith agus a thabhairt dóibh le n-ól. Aicíd an Chroidhe: - Bonn an bháchráin a bhruith le súchra agus lucris agus a ól ar an gcéalachán ar maidin, timcheallB Cunningham