School: Dubhthuama (roll number 14193)
- Location:
- Dumha Thuama, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Támhais
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Seisean ag breugadh an leinbh sa gcliabhán le amhrán agus is é Sail Óg Ruadh a bhí d'á rádh aige. Thuig na dearbhráithreacha annsoin méid a grádá d'á mhnaoi agus philleadar abhaile gan cur isteach air.
Micheál Mac Thamhais O.S. Amhrán na Pictiúire
“Triall ar m'aistear i mí na Bealtaine”
Triall ar m'aistear i mí na Bealtaine
Bhain seachrán fáin dom mar gheall ar mhnaoi
Bhí an oidhche dorcha agus ag triall chun bháistigh
Agus bhí in sa ? tráth sin ar uair a naoi
Thainig sgannradh orm, criothnú is eagla
Nídh nár náire dhom do gheit mo chroidhe
Níor bhfada ná go bhfaca mé an fear gan snáithe
Agus a chlaidheamh tarainte aige ar chúl a chinn.
Seo é an méid de'n amhrán seo a bhí ag Pádhraic. Bhí beirt dearbhráithreacha de'n Chlainn tSuibhne in a gcómhnuidhe i n-Acaill. Duine aca a chum an t-amhrán seo. Bhí tóir aige ar chailín óg agus bhí sé dhul chuig a teach. Bhí ioghmháigh fir a briseadh anuas de luing agus a caitheadh isteach sa mbruth fá thír in a seasamh sa mbearnain roimhe ag cleasaidhe eicínt.(continues on next page)- Collector
- Micheál Mac Thámhais
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Pádhraic Mag Guibhir
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male