School: Dubhthuama (roll number 14193)

Location:
Dumha Thuama, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Mac Támhais
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 010

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 010

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhthuama
  2. XML Page 010
  3. XML “Ciste Óir i bhFalach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear in-a chómhnuidhe i nDubh-Loch am amháin agus tugadh hAnnraoí Ó Máille mar ainm air. Tháinic neach aige agus d'innis sé dó go raibh ciste óir i dteampall chill-Théine. (Cill tSéadna)
    D'imthigh h-Annraoí ar siubhal oidhche agus bhuail air, ag an áit a raibh an ciste, bhí chlár os cionn an chiste, agus rinne sé torann chomh-mhór is gur shíl sé go gcluinfhí ins an domhain shoir é agus níor bhfada in a dhiaidh sin go dtáinic éan os a chionn agus leag a dhá sgiothán ar dhá bhinn an teampaill agus bháin sé anc na spéire dhe agus sgannruigh an fear.
    D'imthigh h-Annraoi abhaile. Ar a bhealach abhaile tháinic beithidheach capaill roimhe agus buaithrín air agus bhuail ar a dhá shlinneán le'n a dhá chois tosuigh. Chuaidh sé abhaile agus níor mhair sé bliadhain in a dhiaidh sin go bhfuair sé bás.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Ghácháin
    Gender
    Female
    Informant
    Miceál Ó Connmhacháin
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    50
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Tulachán Bán, Co. Mayo