School: Dubhthuama (roll number 14193)

Location:
Dumha Thuama, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Mac Támhais
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 085

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 085

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhthuama
  2. XML Page 085
  3. XML “Willie an Gabha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó d'arbh ainm Willie an Gabha. Bhíodh sé ag ól I gcomhnuidhe. Lá amháin tháinic an diabhal chuige agus dubhairt sé leis dá ndioladh sé a anam leis go dtiubhradh sé a sháith airgid dó ar feadh cúig bliadhan agus nuair a bheadh na cúig bliadhna thart go dtiubhradh sé leis go h-ifreann é. Dubhairt Willie go raibh sé sásta.
    Chuaidh an Diabhal ar ais go h-ifreann agus gach áit a dteidheadh Willie in a dhiaidh sin gheobhadh sé nóta cúig punt agus ní dhearnaidh sé aon obair ar feadh na gcúig mbliadhan sin. Nuair a bhí na cúig bliadhna thart tháinic an Diabhal agus dubhairt sé go raibh na cúig bliadhna caithte agus go raibh sé in am aige a theacht go h-ifreann. Thug sé cathaoir do'n diabhal le suidhe uirri fhad is bheadh 'ga ghléasadh féin. Nuair a bhí sé réidhte dubhairt sé leis an Diabhal a bheith ag teacht. D'feuch an Diabhal éirghe acht bhí sé greamuighthe do'n cathaoir. Dubhairt sé go dtiubhradh sé cúig bliadhna dó agus neart airgid leis dá scaoileadh sé é. Scaoil Willie é agus d'imthigh sé agus áit ar bith a dteidheadh Willie ar feadh na gcúig mbliadhan sin gheobhadh sé nóta cúig punt agus ní dhearnaidh sé aon obair ar feadh na gcúig mbliadhan sin acht oiread. Nuair a bhí na cúig bliadhna caithte tháinic an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0330A: The Smith and the Devil (Death)
    Language
    Irish
    Informant
    Tomás Ó Muinchille
    Gender
    Male
    Address
    Tulachán Dubh, Co. Mayo