Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mayo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Thainig bliadhain a raibh siad ag marbú go leor sgadán. Bhíodh go leor bád ag iasgaireacht i bPoll a Duthaigh. Tá Poll a' Dúthaigh ar chósta Col. Shligigh sílim. Thainig oidhche ar lochtuigh siad na báid le sgadáín. Thainig fear siubhail ag iarraidh déirce de na sgadáín orra ar maidin. Thug cuid aca déirce dó agus thoisigh cuid eile ag magadh faoi agus ag caitheamh na sgadán air. Thainig sé go dí an bád agus d'iarr sé déírc. "Tóg leat arsa maigistír an bháid (?) méid a theastuigheanns uait." Nior thóg sé acht cúpla sgadán. "Tá mé an-bhuidheach duit," arsa an fear déírce, agus anois bhéarfaidh mé cómhairle duit, (?) agus is é sin gan a dhul amach ag íasgaireacht anocht. Béidh na h-iasgairí eile ag dul amach agus béidh d'fhuireann féin ag iarraidh dhul amach acht cé bí rud a déarfas síad na leig do bhád amach agus na go 'mach thú fhéín(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Micheál Mac Thámhais
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Conamhacháin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tulachán Bán, Co. Mayo