School: Dubhthuama (roll number 14193)
- Location:
- Dumha Thuama, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Támhais
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhthuama
- XML Page 101
- XML “Na Fataí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Na Fataí 23/9/1938Cur na bhfataí: Ullmhaightear an talamh, fá chomhair na bhfataí san ngeimhreadh. Déantar iomairí leis an tsluasaid i ndiaidh an sioc a shíosgadh le spáid.
Cuirtear leas farraige ar na h-iomairí ar feadh an gheimhridh. Tagann an leas isteach ar an gcladach le stoirm, bítear ina suidhe ar a ceathair a chlog ar maidin ag iarraidh díol na bliana fhágail. Is minic a dhéantar drilleanna anois le céachta ná iomairí.
Déantar na hiomairí ar thalamh fliuch portaigh, déantar úsáid dena seochanna céanna bliain i ndiadh bliana. Déantar na hiomairí go han-leathan ar thalamh bog portaigh, fánaidh orthu ón taobh thiar leis an gais a shábháil ón ngaoth aniar. Ní bhíonn na scoilteáin ar thalamh den chineál seo thar ocht n-orlaigh óna chéile. Leagtar iad, ní sháightear iad sa gcré mar is gnáthach leas farraige a chuirtear air na drilleanna chomh maith, leagtar na scoilteáin air tuairim deich n-orlaigh óna chéile, scoiltear na drilleanna le céachta más paiste mór é agus le sluasaid mar a bhfuil ann acht cúlán.
Na Fataí Luatha
Saothruightear go leor fataí ar an talamh gainnimh i nDhubh Thuama. Bíonn leath acra ag an bhfeirmeoir, bhí dhá acra ag Séamus Ó Mongáin(continues on next page)- Collector
- Micheál Mac Thámhais
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir