Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)

Suíomh:
Dumha Thuama, Co. Mayo
Múinteoir:
Mícheál Mac Támhais
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 155

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 155

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhthuama
  2. XML Leathanach 155
  3. XML “Amhrán Eile ar Chogadh an Talaimh”
  4. XML “Arán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhíodh arán eornán agus arán mine coirce aca fadó. Bacti, agus arán déanta as fataí - cáca fatai (an cáca is deise dár itheadh ariamh) Ní bhíódh arán cruithneachtan aca acht um Nodlag. Gheobadh gach bean tighe cloch nó dhá cloich plúir le h-aghaidh na Nodlag.
    Bhíodh máilín eornán ar crochadh ar an mballa os cionn na teineadh d'á thrimadh. Meilte í do réir mar bhíodh an mhin ag teastáíl. Uisge fuar a cuirtí san min eornan nó min choirce. Bhiodh cuma cearcaill ar an gcáca agus é tuairm ordlach ar airde. Cuirte é annsoin ar leic an abhainn os cómhair na teineadh go mbíodh sé bruithte. Bhiodh an leac ina a seasamh agus taca léíthe - cúpla fód b'féidir
    Bhíodh arán eile ag daoine fior-bhochta. Déantai cáca le mini bhuidhe ar an dóígh ceudna a's a déantaí an cáca min-choirce. Cuirtí annsin é idir duilleóga cabáiste ar leac an teallaigh agus an griosach anuas air. Is minic a chualaidh mé go mbíodh sé go h-an-mhilis acht ní fhaca mé féín
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. products
      1. food products (~3,601)
        1. bread (~2,063)
    Teanga
    Gaeilge