School: Dubhthuama (roll number 14193)

Location:
Dumha Thuama, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Mac Támhais
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 061

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 061

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhthuama
  2. XML Page 061
  3. XML “An Mhuc Mhara”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Amhrán ó : Pádhraic Mag Dhuibhir, Dubh-Thuama

    Nuair a chualaidh an Mhuc Mhara a bhí ag Ceann Léim' na Gaillimhe
    Gur marbhuigheadh a céile ag Cuan an Fhód-Duibh,
    Chroc sí a ruball i's a h-eite gá stiúradh
    Go dtainig sí an lá sin go light-house a'Toir.
    Bhí sí cur faírneis le iasgairí na háite
    Cé rinne an t-ár na cé dhóirt an fhuil
    I's gur le ord mór na ceárdchadh ag bun Srothán na Rátha
    A mharbhuigh hannroi Aoidh Bhaín í ar maidin indiú
    Horraot a Hannraoi, ba dona é do thealg (Seilg?)
    A mharbhuigh mo cheile i's í ag cárnadh sa t-sroth
    Is gur soir go Cúl Láibe bhí a ghluasacht an lá sin
    Nuair a chualaidh sí an ola a bheith ag bean Eamuinn Dhuibh
    Light-house an Toir - Blackrock light-house
    * * *
    Mleachlainn an Gabha (O Gachaín) a chum an giota sin thuas ag magadh fa n-a athair a fuair muc Mhara marbh ar an tráigh. Nuair a chualaidh an t-athair faoi lean sé an mac leis an ord mór. B'éigin do'n mac teicheadh go deirbhsiúr leis a bhí 'na cómhnuidhe san Taobh istigh in aice leis an nGeata Mór.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál Mac Thámhais
    Gender
    Male
    Informant
    Pádhraic Mag Dhuibhir
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    80
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Dumha Thuama, Co. Mayo