Imleabhar: CBÉ 0283
- Dáta
- 1928
- Bailitheoir
- Suíomh
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0416](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0283%2FCBE_0283_0416.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0416
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
An Buachaill agus a Bhean (ar lean)
“Is sean-fhocal é "go smachtuigheann gach aoinne an bhean bhorb...”
(ar lean ón leathanach roimhe)416
go dtí an leabaidh chuige gach aon mhaidean
3
do nigheadh a chosa roimh dul a chodladh do
gach oidhche agus ní raibh i n-aon pharráisde
mór-thímcheall bean chómh chúramach léi.
Seadh, is dócha go raibh sé ag déanamh tinnise
dá h-athair i dtaobh chonns a bhíodar an
bhairt ag réidteacht le n-a chéile, nú cad na
thaobh ná raibh sí tagaithe abhaile fadó mar
ní chreidfeadh sé go bhféadfadh aoinne chur suas
léi ar feadh seachtmhaine as a chéile.
Bhí an sgéal ag dul dá thuisgint go mór.
Ní leigfeadh an t-eagla dho dul ar a thuairisg
agus chómh fada agus do bhí sí ag fanmhaint uaidh
dubhairt sé leis féin go mb’fhéidir go raibh
sé chom maith aige sgaoileadh léi. Ar a shon
san is uile ba mhaith leis a fagháil amach chonns
a
bhí aici féin agus ag an gcliamhain.
Thug sé órdughadh mar seo lá dá mhnaoi, an
dínnéar a ollmhughadh dho i gcóir an lae
amairigh seo chugainn mar go raibh sé chun
cusreadh dínnear a thabhairt dos na h-ingheanachad
go léir agus dá bhfearaibh chómh maith.(leanann ar an chéad leathanach eile)